Cloud Gate nó The Bean, mar a thugtar air, i bPáirc na Mílaoise
Chaith mé cúig lá in Chicago, le triúr cairde liom (mo dheirfiúr álainn san áireamh), le linn an bhriseadh lár téarma i mí Feabhra. Is cathair álainn í agus chuaigh sí go mór i bhfeidhm orm. Bhí sé ar intinn agam an phostáil seo a scríobh na míonna ó shin, agus cuimhne mhaith agam fós ar bhuaicphointí an turais go Meániarthar na Stát Aontaithe. Bhí sceitimíní orm an vlag a chur in eagar agus mo mholtaí don chathair, idir bhialanna agus shuíomhanna turasóireachta, a roinnt libh ar an mblag. Thosaigh mé ag obair ar an vlag ar fhilleadh abhaile dom ach go luath ina dhiaidh sin, thit an phandéim Covid-19 amach agus ní raibh fonn orm leanúint ar aghaidh leis ag an am.
Ach nuair a tháinig mé ar ghearrthóg físe ón turas ar m'fhón póca an deireadh seachtaine seo caite, spreag sé mé an físeán a chríochnú. Tá sé go deas smaoineamh siar ar chuimhní áille an turais anois: ar ailtireacht na cathrach, ar na bialanna blasta agus ar na háiteanna turasóireachta ar ndóigh, ach is í an chraic idir cairde an rud is mó a sheasann amach dom agus mé ag cuimhneamh ar an tseachtain sin.
Féinphic!
Deirim i gcónaí gurb é an taisteal an caitheamh aimsire is mó atá agam agus bím i gcónaí ag smaoineamh ar an gcéad turas eile. Ach i ndáiríre is iad an comhluadar agus an cairdeas na gnéithe is tábhachtaí de, agus is iad siúd na rudaí is mó a bhraithim uaim faoi láthair. Tá mé ag súil le deireadh na srianta, le dul thar lear arís agus le vlaganna nua taistil a chur le chéile do mo chainéal, ach idir an dá linn, seo daoibh roinnt grianghraf ón turas go Chicago, agus an vlag leo.
The Magnificent Mile - sráid mhór siopadóireachta i lár na cathrach
Solas geal na maidine i gcroílár na cathrach
Dlúthchairde
The Chicago Theatre
Tá tuilleadh vlaganna taistil ar mo chainéal YouTube:
Gluais:
• cairdeas - friendship
• chuaigh an chathair go mór i bhfeidhm orm - the city really wowed me
• bhí sé ar intinn agam - I had intended
• cuimhne mhaith - a good/clear memory
• buaicphointí - high points
• Meániarthar na Stát Aontaithe - the Midwest (USA)
• mo mholtaí - my recommendations
• ar fhilleadh abhaile dom - upon my return home
• thit an phandéim Covid-19 amach - the Covid-19 pandemic unfolded
• ní raibh fonn orm - I wasn't in the humour
• gearrthóg físe - a video clip
• spreag sé mé - it inspired me
• smaoineamh siar ar - to think back on
• cuimhní áille - lovely memories
• ailtireacht - architecture
• an rud is mó a sheasann amach dom - the main thing that stands out to me
• ag cuimhneamh ar - remembering/ thinking of
• taisteal - travel
• comhluadar - company
• na gnéithe is tábhachtaí - the most important aspects
• braithim uaim - I miss
• na srianta - the restrictions
• idir an dá linn - in the meantime
• roinnt grianghraf - some photos