Blag agus Vlag: Deireadh Seachtaine in New Orleans
- Múinteoir Murphy
- Aug 19, 2019
- 5 min read

Chaith mé deireadh seachtaine fada in New Orleans ag tús an tsamhraidh le dlúthchara liom agus chuaigh an chathair álainn seo go mór i bhfeidhm orm. Ní raibh tús maith leis an turas, áfach. Thosaíomar in Orlando é, tar éis dúinn seachtain a chaitheamh in Florida. De ghnáth, ní bhíonn ach eitilt uair an chloig i gceist, ach ar an lá sin thóg sé ocht n-uaire orainn, tar éis dhá mhalairt slí de bharr drochaimsire. Ach rinneamar dearmad glan ar ár dtrioblóidí taistil an oíche sin, agus an stéig is blasta riamh á hithe againn i mbialann Fhrancach darb ainm Justine. D'éirigh mé as feoil a ithe ag deireadh na laethanta saoire (níos mó ar an ábhar sin ar lá eile!) ach tá mé sásta a rá gur bhlais mé an filléad is fearr sular éirigh mé aisti! Chuamar go dtí an beár cáiliúil Pat O'Brien's tar éis an dinnéir chun Hurricane (manglam cáiliúil in NOLA) a ól agus chaitheamar cúpla uair ann ag éisteacht le ceol sa bheár pianó, agus ag canadh in éineacht leis na ceoltóirí! (Féach deireadh an vlag!) Oíche den chéad scoth a bhí ann.

Bhí tuirse an domhain orainn an mhaidin dar gcionn, ach bhí go leor le feiceáil, le déanamh, agus le hithe againn fós! Chuamar i gcomhair bróinse i dtosach in Atchafalaya, bialann snagcheoil sa cheantar cónaithe atá cáiliúil as a beár Bloody Mary. Ar ndóigh bhí orm triail a bhaint as deoch an tí, ach níor thaitin sé liom ar chor ar bith! Chuamar ar an tram ansin chomh fada leis an gceantar Francach, agus chaitheamar cúpla uair ag siúl timpeall na sráideanna áille ann.

Is í Sráid Bourbon an tsráid is cáiliúla ann agus bíonn snagcheol beo ar siúl ann an lá ar fad. Bíonn taibheoirí sráide de gach saghas fud fad an cheantair freisin; ceoltóirí, ealaíontóirí agus fiú léitheoirí cártaí tarot ina measc. Dúradh linn go mbíonn Bourbon i gcónaí dubh le daoine, agus na beáranna uilig ann dírithe ar thurasóirí go príomha, cosúil le Barra an Teampaill i mBaile Átha Cliath, is dócha! Leis sin, shiúlamar chomh fada le Sráid Frenchman agus bhí atmaisfeár i bhfad níos suaimhní ann. Chaitheamar uair an chloig in Bamboula’s ag éisteacht le snagcheol beo agus ag comhrá leis na freastalaithe cairdiúla. Leanamar ar aghaidh ag siúl timpeall an cheantair Fhrancaigh ina dhiaidh sin. Shiúlamar trí Chearnóg Jackson agus d’amharc muid ar Ardeaglais Naomh Louis, an ardeaglais is sine sna Stáit Aontaithe. D’ólamar caife agus d’itheamar beignets (cístí beaga an-mhilis) in Café du Monde. De réir dealraimh, tagann Kim Kardashian go New Orleans go speisialta leis na beignets a ithe!

Ansin, bheartaíomar dul chuig léitheoir cártaí tarot agus muid i gcathair na marbh. Leis sin, thugamar cuairt ar an siopa asarlaíochta Hex, agus fiú mura bhfuil spéis agat sa chineál sin, is siopa fíor-shuimiúil é, lán le hearraí draíochta. Chuir sé Sabrina the Teenage Witch (clár teilifíse ó dheireadh na nóchaidí) i gcuimhne dom! Léigh Ellie na cártaí dom agus cé go raibh mé píosa beag amhrasach faoi, chuir sí ar mo shuaimhneas mé agus thaitin an t-eispéireas go mór liom. Ní chreidim gur féidir le héinne an todhchaí a thuar go cinnte, ach bhí fírinne sa mhéid a dúirt sí agus bhí ábhar comhrá againn don dinnéar, mura mbeadh ann ach é sin!

Bhí sé beartaithe againn dul ar thuras vúdú an oíche sin, ach chuir an drochaimsir isteach ar ár bpleananna arís. Gan choinne thosaigh sé ag lascadh báistí agus chuamar ar foscadh ón bhfearthainn in Jewel of the South, bialann den scoth atá folaithe ar shráid chiúin sa cheantar Francach. Athraítear an biachlár ann go laethúil, ag brath ar an margadh. Moladh dúinn an sailéad trátaí a ordú, toisc go raibh na trátaí i séasúr. Dea-chomhairle a bhí ann, gan aon agó. Níor bhlais mé trátaí chomh úr agus chomh milis sin ariamh! Chaitheamar an oíche ar fad ann, ag baint trialach as miasa an lae, agus ag ól manglam leo, dar ndóigh! Thaitin an French 75 (manglam déanta as seaimpéin agus jin) linn go háirithe, ach ar $15 an deoch, níor ólamar ach cúpla ceann! Thógamar Uber ar ais chuig an óstán, agus cosúil le muintir na háite i gcoitinne, labhair an tiománaí linn go hoscailte, ag roinnt scéalta na cathrach linn agus ag tabhairt moltaí turasóireachta dúinn.

Chaitheamar lá eile in Louisiana ar na seascainn, ag féachaint ar ailigéadair. Is fiú go mór an turas seo a dhéanamh. Tugadh go leor eolais dúinn ar an bhfiadhúlra áitiúil agus ar nósanna na n-ailigéadar. Bhí faoiseamh orainn a chloisteáil nach n-itheann siad daoine daonna, de ghnáth! Chuamar ar ais go lár na cathrach i ndiaidh an turais agus chaitheamar ár n-oíche dheireanach ag éisteacht le snagcheol i mbeáranna an cheantair Fhrancaigh. Ba chríoch oiriúnach é do dheireadh seachtaine foirfe in The Big Easy.

Lóistín: D’fhanamar san óstán beag álainn Henry Howard sa cheantar cónaithe. Molaim go hard é, agus molaim an ceantar sin go háirithe. Is ceantar ciúin gleoite é, faoi fhad siúil de na siopaí agus bialanna ar Shráid Magazine, agus is féidir dul go héasca chuig an gceantar Francach (an lár) ar an tram freisin.

Bia: Chomh maith leis na bialanna thuasluaite, d’itheamar in Saba, bialann Iosraelach sa cheantar cónaithe. Molaim an falafel agus an sailéad cairéad go háirithe. Bhí cáis agus fíon againn in Bacchanal ar lá eile agus muid ag éisteacht le snagcheol (arís!) Is féidir leat gloine nó buidéal fíona a roghnú ón siléar fairsing ann agus é a ól faoin ngrian. Foirfe!

Ceol: Níl sé deacair teacht ar cheol beo sa cheantar Francach. Is fiú dul go Bourbon chun an tsráid cháiliúil a fheiceáil ach má tá atmaisféar níos réchúisí uait, siúil an cúpla bloc chomh fada le Sráid Frenchman. Tá rogha leathan beáranna ann agus ceol ar siúl iontu an lá ar fad.

Gluais:
dlúthchara - a close friend
chuaigh an chathair go mór i bhfeidhm orm - the city made a big impression on me
malairt slí - a diversion
d'éirigh mé as feoil a ithe - I gave up eating meat
bhlais mé - I tasted
sula(r) - before (with verbs only)
manglam - a cocktail
an mhaidin dar gcionn - the next morning
snagcheol - jazz music
an ceantar cónaithe - uptown
cáiliúil as - famous/known for
ceol beo - live music
taibheoirí sráide - street performers
léitheoirí cártaí tarot - tarot card readers
dírithe ar thurasóirí - aimed at tourists
atmaisféar níos suaimhní/réchúisí - a more relaxed/laid back atmosphere
ardeaglais - a cathedral
cathair na marbh - the city of the dead
asarlaíocht - witchcraft/wizardry
earraí draíochta - magical things/goods
chuir sé Sabrina i gcuimhne dom - it reminded me of Sabrina
amhrasach - doubtful
chuir sí ar mo shuaimhneas mé - she put me at ease
an t-eispéireas - the experience
an todhchaí a thuar - to predict the future
ábhar comhrá - topic of conversation
ag lascadh báistí - lashing rain
chuamar ar foscadh - we took shelter
fearthainn = báisteach - rain
ag brath ar an margadh - depending on the market
miasa an lae - the dishes of the day
na seascainn - the swamps
fiadhúlra - wildlife
faoiseamh - relief
oiriúnach - suitable/fitting
molaim é - I recommend it
faoi fhad siúil de - walking distance from
siléar fíona - a wine cellar
fairsing - extensive
ความคิดเห็น